ИСТИНА |
Войти в систему Регистрация |
|
ИСТИНА ИНХС РАН |
||
Sa léacht seo, ba mhaith liom aird a thabhairt ar chonsain chaola agus leathana agus a ndáileachán sa gcaint Ghaeilge ag cainteoirí dátheangacha. Sa taighde scrúdaítear thart ar 30 faisnéiseoirí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus Gaeilge réasúnta líofa acu. Baintear úsáid as roinnt agallaimh taifeadta i rith an staidéir allamuigh i mí na Samhna 2014. Is é an bunsmaoineamh atá taobh thiar de seo ná cé go bhfuil Gaeilge líofa ag na cainteoirí, i gcuid de na cásanna ní úsáidtear na consain chaola agus leathana go ceart. Dealraíonn sé nach bhfuil amhras ar bith go bhfuil an feiniméan seo nasctha le tionchar an Bhéarla (Ó Béarra 2007; Lenoach 2012), ach ní dóigh gur í an t-aon chúis amháin atá bainte leis an dáileachán mícheart. Ba choir dhá chúis eile a chur san áireamh chomh maith – áit an chonsain sa bhfocal agus na fuaimeanna atá in aice leis.